Lip Dub Gaeilge - Coláiste Feirste 2017

Daltaí agus foireann spleodrach Choláiste Feirste, Béal Feirste, agus iad i mbun lip dub lán-Ghaeilge ar fud na scoile, an chéad mheánscoil Ghaeilge a bunaíodh ó thuaidh. Buíochas mór leis na bannaí iontacha Kíla agus Seo Linn as a gcuid ceoil a chur ar fáil don léiriúchán seo. Rianta: 'Leath ina dhiaidh a hOcht' le Kíla agus 'Ar Scáth a Chéile' le Seo Linn, foilsithe ag Bardis Music. Tá an físeán seo tiomnaithe d'iardhalta agus do mhúinteoir Choláiste Feirste, Beicí Mhic Crabhagáin (Nic Riada), a cailleadh go ró-óg ní ba luaithe i mbliana.