Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha - Contae Mhaigh Eo
Lyrics: Ar an loing seo, a Phaidí Uí Loinsigh, is ea a bhímse ag déanamh bróin, Ag osnaíl ins an oíche is ag síorghol sa ló, Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir, Dar m’fhocal, is maith a chaoinfinnse Contae Mhaigh Eo. Liostáil mé le sairsint ag dul sráid an bhaile mhóir, Mar cheap mé go mba bhreá an rud dom é nuair a bhí mé bocht óg, Ó, thug sé gloine is cárta dom agus claimhe le mé a ghardáil, Is dúirt sé go mb’fhearr dom é ná in Éirinn go fóill. Is murach bás mo mháthar nach mbeinnse maith go leor, Bheadh buidéal ins gach lámh liom, is mé i gcomhluadar ban óg, Ach murach síor-ól na gcártaí, is an dlí a bheith róláidir, Ní i Santa Cruz a d’fhágfaí mo chnámha faoin bhfód. Tá Cnoc na Ceathrún Caoile siamsúil go leor, Tá coiligh is cearca fraoigh ann, is iad go síoraí ag seinm cheoil, Tá sméara dubha ar chraobha agus úlla boga buí ann, Tá géimneach bó is lao ann le teacht do fhéile Muire Mór. Tá punt is fiche amuigh ormsa i gContae Mhaigh Eo, Is ní rachaidh mé dá íoc leo choíche ná go deo, Ar fhaitíos go mbéarfaí thiar orm is go dtógfaí i ngeall ar fhiacha mé, Is go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go hiallacha mo bhróg. Go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór, Go dtaga an toimín luachrainn ag buachailleacht na mbó, Go n-osclaítear na coraí atá ar mhullach Bheanna Beola, Ach ní scarfaidh mo chumha go deo leat, a Chontae Mhaigh Eo. Is a chomrádaí na dílse, tá mé cloíte go mór, Is dá bhféadfainn is duitse a d’inseoinn dhá thrian de mo bhrón, Ach ós tusa is túisce a chífeas a maireann de mo mhuintir, Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhaigh Eo. -Video Upload powered by https://www.TunesToTube.com

Dara Bán

Amhrán Mhuínse / The Song of Muínis - Líadan

Johnny Mhairtin Learai Comhrá Leitir Árd, Carna, Co na Gaillimhe,TG4

Ciarán Ó Con Cheanainn - Contae Mhaigh Eo

Unbelievable Smart Worker & Hilarious Fails | Construction Compilation #8 #adamrose #smartworkers

Mícheál Ó Confhaola - Co. Mhaigh Eo | Strand Bar, An Leathros, Sligeach | Geantraí TG4 | 2008.

DNA Reveals the BASQUES Weren’t Who We Thought

My Golden Retriever Heals a Terrified Rescue Kitten in Just 3 Meetings!

Maigh Eo na Sacsan/Mayo of the Saxons | Treasure Ireland

An Abhainn Mhór

Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha - Amhrán Rinn Mhaoile

Máirín Ní Chéide - Caisleáin Uí Néill + Liricí | Tigh Tábhairne, The Burren Irish Pub, Bostún | TG4

Unbelievable Smart Workers | Genius Construction Skills, Crazy Fails | Part 114 #construction #smart

The Scottish People Were Never Who We Thought — Ancient DNA Finally Revealed The Truth

Caoimhe & Séamus Uí Fhlatharta - Féasta Ceoil an Spidéil '24

Contae Mhaigh Eo

Rowan Atkinson's Brilliant Humor Leaves Celebrities in Tears!

The Judges Didn't Think She Could Sing... But Then She Opened Her Mouth!

Johnny Connolly & Johnny Óg Connolly | Amharclann An Mall, Tuaim | Geantraí 1997 | TG4

