Líadan - 'Ócum an Phríosúin' | Geantraí Lá Fhéile Pádraig (2009) | TG4

Líadan sing 'Ócum an Phríosúin' on Geantraí Lá Fhéile Pádraig/St. Patrick's Day (2009) on TG4. This song is an old Conamara sean-nós song that tells of the imprisonment and ill treatment of an Irishman for the theft of some barley. From Galway and Limerick this inspiring all-female band comprises of six members: Sile Denvir, harpist; Deirdre Chawke, piano accordion; Elaine Cormican, whistles. Valerie Casey and Claire Dolan, fiddle; Catherine Clohessy, flute. This female vocal and instrumental ensemble bring a freshness to modern Irish music whilst retaining the tradition. Léiríonn Líadan sa taifead seo an ceangal dlúth atá acu le amhránaíocht ar an sean-nós. Seo leagan álainn den amhrán. Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube ➡️ http://bit.ly/2V8xyBG Glac síntiús chuig Cainéal Ceoil TG4 ar YouTube➡️ http://bit.ly/2V8xyBG Tá Geantraí ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anois, am ar bith ar fud na cruinne / More episodes of Geantraí are available on the TG4 Player now - watch anytime, anywhere in the world 🎶🌎➡️ https://bit.ly/38464Qy Ó, molaim sú na heorna go deo deo gus choíchin, Nach é an truaigh nach bhfuil tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh, Seán Forde a bheith ina ghiúistís ’s go gcomhairleodh sé na daoine, Mar sé a chuir mise ag foghlaim ar an ócam a spíonadh. Curfá: Ram-de-didle-óram, sé ócam an phríosúin, ’S go bhfágfaidh sú na heorna na hÓglaigh dhá spíonadh. Osclaíodh dhomsa stór a raibh ócam thar maoil ann, Thug mé lán mo ghabháil liom, mo dhóthain go ceann míosa, Is mise a bhain an gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall, Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannport cé air ar fhás an fionnach? Curfá Shílfeá gur barrach a baineadh den líon é, Nárbh olc é mo ghean ar an tseanbhean a shníomh é, Mheáigh sí sna scálaí ina mhálaí breá cruinn é, É sin, nó leis na carlaí, scall sí sa ngeimhreadh é. Curfá Oíche a raibh Mac Uí Lochlainn ina chodladh go suaimhneach, Nár ionsaigh na luchain a chuid ócam san oíche, Ar maidin lá arna mháireach bhí an warder á inseacht, ‘By dad’, adeir an gobharnóir, ‘tá an deabhal uilig déanta agat!’ Curfá Muise, is mise a bhíonns go tuirseach ag tochras ’s ag sníomhadh, Ag obair don eochróir a bhfuil eochair aige is míle, Go ndúinfeadh sé doirse agus glais na hÉireann, Go gcuirfeadh sé na stiléaraí is na tincéaraí i ngéibheann. Curfá Is mise a bhíonns go brónach gach Domhnach is lá saoire, Ag siúl amuigh sa ngairdín istigh i bhfáinne is mé ag goil timpeall, ’S go sileann mo chuid súile i gcónaí nuair a chuimhním Gur deas an obair Domhnaigh a bheith i gcónaí ar an gcaoi seo. Curfá Tarraingeofar sú na heorna fós ins an ísleán, Beidh gloine againn le n-ól ann, amhráin agus rince, Beidh an pota againn ’s an dabhach is beidh an chabhair ag teacht timpeall, Beidh gloine againn le n-ól, beidh ár gcuid ócam dhá spíonadh. Curfá Ach má chuirfear ceist go deo ort cén jab is deacra a dhéanamh, Ab é a ghoil ag spíonadh an ócaim nó Cuan an Fhir Mhóir a thaoscadh? Curfá Tá fataí agus prátaí i ngairdín an phríosúin, Daoine le haghaidh iad a lánadh le fáil ón nGarda Síochán’, ’S go bhfuil crann torthaí ag fás ann, airní agus spíonáin, Siúd é thríd an arm é máistir na híocaíocht. Curfá