Nan Ghriallais - Amhrán na Trá Báine

Liricí: Is nach mór an chliú d’Éirinn an baile breá géimiúil, Atá idir Ceann Léime agus Gleann Trasna ó thuaidh, Go bhfuil na seandaoine aosta is na páistí lag míosa, Iad uilig ar aon intinn maidir le spóirt. Tá cáil na Trá Báine thall ins na Státaí, San Róimh, ins an bPáras,san Afraic ó thuaidh, Is má léigh sibh na páipéir, níl call dom é a rá libh, Is é an baile is mó cáil é a bhfaca mé fós. Fear múinte mánla a chaith tamall gearr ann, Chuala mé ar ball go dtáinig sé aríst, Bhí a chroí is a anam ag rince le áthas, Nuair a chas sé tigh Ghorman agus d’iompaigh sé síos. Tá na Red Lions 'na seasamh má bhíonn tú dhá dtóraíocht, Idir tí an tSeoighe agus sean-teach Sheáinín, Má bhíonn tú gan eolas, cuir tuairisc teach ceol ann, Níl ort ach é a fónáil is ag Swan Seventeen [?]