Conor Mallon Band

Thosaigh Conor Mallon ón Chéide, Co. Ard Mhacha, ar a ghairmré cheoil le Cumann Píobairí Ard Mhacha, mar ar fhreastail sé ar cheachtanna píbe uileann. Chuaigh sé suas fríd na céimeanna go raibh sé ar dhuine de na múinteoirí sinsearacha sa chlub sular thoisigh sé ar chamchuairteanna go lánaimseartha. Is iomaí sin píobaire a theagasc é i rith na mblianta, ina measc Tiarnán Ó Duinnchinn, John McSherry agus Jarlath Henderson. Áirítear Conor i measc scothphíobairí a linne, agus dúradh fá dtaobh dó ar folking.com, “Le linn na seachtaine ar chuala muid fá bhás Liam O’Flynn, ba mhithid a Conor Mallon a chluinstin ar thús cadhnaíochta i measc na chéad ghlúine eile de phíobairí Uilleann.” Ar Conor Mallon Unearthed tá scothghrúpa ina bhfuil Paul Starret ar ghiotár leictreach, Jack Warnock ar ghiotár acústach agus ag amhránaíocht, agus Fintan Mulholland ar an bhodhrán agus ar na fideoga. Mhol Lynette Fay ó BBC Raidió Uladh an taispeántais ag Duais Cheoil TÉ, ag rá gur taispeántas beo a chuirfeadh faoi dhraíocht thú. ___ Conor Mallon from Keady, Co.Armagh started his musical career with the Armagh Pipers Club where he attended Uilleann Pipe lessons. He has progressed through ranks to become one of the senior teachers at the club before touring in a full-time capacity. He has been taught by many pipers over the years and they include Tiarnan O Duinnchinn, John McSherry and Jarlath Henderson. Conor has been categorised as the one leading pipers in his generation as described by folking.com, “In the week that we learned of the passing of Liam O’Flynn it was apposite to hear Conor Mallon leading the next generation of Uilleann pipe players.” Conor Mallon Unearthed comprises the all-star line-up of Paul Starrett; Electric Guitar, Jack Warnock; Acoustic Guitar/ Vocals and Fintan Mulholland; Bodhran/ Whistles.